Taighdeoir Iardhochtúireachta

Cuirtear fáilte roimh iarratais ó iarrthóirí a bhfuil na cáilíochtaí cuí acu don ról seo a leanas:
Ionad taighde - Gaois, Fiontar & Scoil na Gaeilge
Teideal poist - Taighdeoir Iardhochtúireachta
Leibhéal ar an gCreat - Leibhéal 1
Tréimhse an chonartha - Conradh ar Théarma Seasta suas le 2 bhliain
Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath
Is ollscoil cheannródaíoch nuálach Eorpach í Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (OCBÁC). Tá bród orainn go bhfuilimid ar cheann de na hOllscoileanna Óga atá chun tosaigh ar leibhéal domhanda. Tá OCBÁC aitheanta mar Ollscoil Tionchair na hÉireann, agus é mar mhisean againn ‘saol daoine agus an tsochaí a bhunathrú chun feabhais’ trí bhéim a chur ar dhul i ngleic le dúshláin dhomhanda i gcomhar le príomh-chomhpháirtithe náisiúnta agus idirnáisiúnta agus le páirtithe leasmhara.
Tá breis is 20,000 mac léinn ag freastal ar OCBÁC, agus iad i gcúig dhámh sna trí champas acadúla i gceantar Ghlas Naíon-Dhroim Conrach i mBaile Átha Cliath Thuaidh. A bhuí lena cur chuige nuálach i leith an teagaisc agus na foghlama, fágann a seal san Ollscoil ‘lorg láidir ar na mic léinn’, rud a fhorbraíonn céimithe a mbíonn an-tóir orthu. Tá OCBÁC ag Uimh.1 in Éirinn faoi láthair maidir le Ráta Fostaíochta Céimithe, agus maidir le hioncam céimithe (an Phríomh-Oifig Staidrimh).
Is Ollscoil a chuireann béim láidir ar thaighde í OCBÁC agus tá roinnt Ionad Taighde atá á maoiniú ag Fondúireacht Eolaíochta Éireann lonnaithe inti. Tá an Ollscoil rannpháirteach i roinnt comhpháirtíochtaí taighde Eorpacha agus idirnáisiúnta. Is í OCBÁC an phríomh-ollscoil in Éirinn chomh maith maidir le haistriú teicneolaíochta faoi mar a léiríonn ceadúnú maoine intleachtúla.
Is institiúid ‘Tús Áite do Dhaoine’ í OCBÁC atá tiomanta do Comhionannas, d’Éagsúlacht agus d’Ionchuimsiú - Ollscoil a chabhraíonn leis an bhfoireann agus le mic léinn ionas go mbeidh rath orthu. Tá an Ollscoil ar thús cadhnaíochta maidir lena cuid oibre chun rochtain ar oideachas a mhéadú, agus tá sí áirithe ar na 10 n-ollscoil is fearr ar domhan ó thaobh míchothromaíochtaí a laghdú i Rangú an Times ar Thionchar an Ardoideachais.
Forléargas: Gaois, Fiontar & Scoil na Gaeilge
Is grúpa taighde é Gaois a bhfuil léachtóirí, taighdeoirí agus mic léinn iarchéime páirteach ann. Tá sé de mhisean ag Gaois acmhainní iontaofa nuálaíocha a fhorbairt chun teanga agus saíocht na Gaeilge a chothú agus a chlaochlú. Tá eolas faoi na tionscadail éagsúla atá faoi chúram Gaois le fáil ag www.gaois.ie.
Cúlra agus Próifíl an Róil
Beidh an té a cheapfar ina bhall de mheitheal idirdhisciplíneach a phléann le gnéithe den téarmeolaíocht, den teangeolaíocht chorpais, den logainmníocht agus de na daonnachtaí digiteacha, i measc réimsí eile. Oibreoidh an taighdeoir iardhochtúireachta go dlúth le baill foirne Gaois agus lena chuid páirtnéirí taighde chun spriocanna na dtionscadal atá á reáchtáil acu a bhaint amach. Beidh an taighdeoir iardhochtúireachta freagrach do Phríomh-Imscrúdaitheoirí na dtionscadal éagsúil agus do Cheann Scoile Fiontar & Scoil na Gaeilge.
Beidh an té a cheapfar sa ról áirithe seo ag plé go príomha le tionscadal taighde, arna mhaoiniú ag Coimisiún na Meán, a bhaineann le hiniúchadh a dhéanamh ar dhá chlár cúrsaí reatha de chuid RTÉ, Féach agus Cúrsaí.
Dualgais agus Freagrachtaí
- Feidhmiú mar an lárphointe teagmhála inmheánach agus seachtrach maidir le dul chun cinn na hoibre ar an tionscadal ar a bhfuil sé/sí ag obair ó lá go lá
- Eolas agus tacaíocht a chur ar fáil don Phríomh-Imscrúdaitheoir chun a chinntiú go mbainfear amach spriocanna gearrthréimhseacha agus fadtréimhseacha an tionscadail
- Ionchur don phleanáil mheántéarmach agus don phleanáil fhadtéarmach de réir mar is cuí
- Tuairisciú ar dhul chun cinn an tionscadail ag cruinnithe inmheánacha agus seachtracha
- An tionscadal a chur i láthair ag imeachtaí poiblíochta de réir mar is gá
- Cuidiú le scaipeadh torthaí taighde an tionscadail trí fhoilseacháin acadúla a ullmhú i gcomhar leis an bPríomh-Imscrúdaitheoir
- Teagasc a dhéanamh ar chláir Fiontar & Scoil na Gaeilge más cuí
- Obair riaracháin de chuid an tionscadail a dhéanamh
- Cuidiú le hiarratais ar mhaoiniú a dhréachtú
Riachtanais an Iarrthóra
Riachtanach:
Céim PhD nó a hiontamhail (i.e. 4 bliana de thaighde lánaimseartha tar éis bunchéime) sa Ghaeilge, nó i réimse gaolmhar cuí
Is gá d’iarrthóirí bheith líofa sa Ghaeilge agus caighdeán an-ard a léiriú i gcruinneas na Gaeilge scríofa, ar an leibhéal is gá chun téacs infhoilsithe a sholáthar*
*D’fhéadfadh scrúdú Gaeilge a bheith mar chuid den phróiseas iarratais
Inmhianaithe:
- Taithí ar thaighde a dhéanamh i gceann de na réimsí seo a leanas: léann na Gaeilge, an stair, na daonnachtaí digiteacha, staidéar na meán
- Saineolas taighde ar stair na meán in Éireann
- Taithí ar obair chartlannaíochta.
- Taithí ar a bheith ag obair trí Ghaeilge i ról eagarthóireachta, aistriúcháin nó taighde
- Taithí ar fhoilseacháin acadúla a ullmhú
- Taithí ar thaighde a chur i láthair go poiblí
- Taithí riaracháin
- Bheith ábalta feidhmiú go héifeachtach mar chuid de fhoireann
- Bheith dea-eagraithe, tionscantach agus in ann spriocanna a chomhlíonadh
- Ardscileanna cumarsáide agus idirphearsanta
Déanfar iarrthóirí a mheas ar na hinniúlachtaí seo a leanas:
Eolas disciplín agus scileanna taighde – Léiríonn eolas ar a ndisciplín taighde agus an cumas sainchlár taighde a stiúradh taobh istigh den disciplín sin
Tuiscint ar an timpeallacht taighde – Léiríonn feasacht ar an timpeallacht taighde (mar shampla, eagrais agus páirtithe leasmhara maoinithe) agus an cumas cur le hiarratais ar dheontais agus ar thionscnaimh mhaoinithe
Taighde a chur in iúl – Léiríonn an cumas a gcuid taighde a chur in iúl dá gcuid comhghleacaithe agus don phobal taighde trí chéile (mar shampla, cur i láthair a dhéanamh ag comhdhálacha agus taighde a fhoilsiú in irisí cuí)
Scileanna bainistíochta & ceannaireachta – Léiríonn an acmhainneacht tionscadal taighde a bhainistiú, stiúradh mac léinn fochéime san áireamh
Oiliúint Éigeantach
Ní mór don sealbhóir poist an oiliúint chomhlíonta éigeantach seo a leanas a chur i gcrích: Ionduchtú, Sláinte & Sábháilteacht agus Cosaint Sonraí (GDPR). Féadfaidh gur gá tabhairt faoi oiliúint eile nuair is cuí.
Oiliúint Riachtanach
Beidh ar an sealbhóir poist tabhairt faoin oiliúint chomhlíontachta éigeantach seo a leanas: Seisiún Tionscnaimh, Sláinte & Sábháilteacht agus Cosaint Sonraí (Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) agus gach cuid de Thraenáil Feasachta i leith Cibearshlándála. B’fhéidir go gcaithfear tabhairt faoi oiliúint eile nuair is gá.
Dáta dúnta: 8 Bealtaine 2025
Scála Tuarastail
Scála Tuarastail an IUA do Thaighdeoir Iardhochtúireachta- €48,412 - €49671
Beidh an ceapachán i gcomhréir le cáilíochtaí agus taithí agus de réir bheartas pá reatha an Rialtais.
Polasaí Píolótach um Chianobair
Tá OCBÁC ag cur polasaí píolótach um chianobair i bhfeidhm don fhoireann a áiríonn lá sa tseachtain agus dhá lá sa tseachtain ar feadh tréimhse suas go 21 seachtain sa bhliain. Tá na seachtainí áirithe seo deimhnithe ag Ceann gach Aonad i gcomhairle le HR agus tabharfar san áireamh an féilire acadúil, riachtanais ghnó chomh maith le soláthar seirbhíse i rannóg ar leith. Cuirfear i bhfeidhm na coinníollacha a bhaineann leis an bpolasaí píolótach um chianobair.
Le haghaidh tuilleadh eolais faoi OCBÁC agus faoi na buntáistí a bhaineann linn, téigh chuig: Cén fáth ar chóir dom dul ag obair le OCBÁC?
Fiosrúcháin neamhfhoirmeálta:
An Dr Úna Bhreathnach
R-phost: una.bhreathnach@dcu.ie
Ná seol iarratais chuig an seoladh ríomhphoist seo le do thoil, lean na treoracha thíos.
Application Instructions
Nós Imeachta Iarratais:
Leag an t-iarratas isteach trí shuíomh gréasáin Fholúntais Reatha Ollscoil Chathair BÁC ag: https://www.dcu.ie/hr/vacancies-employment-opportunities-human-resources, le go nglacfar san áireamh tú don ról seo, is gá duit na doiciméid seo a uaslódáil:
1) Curriculum Vitae
2) Litir Chlúdaigh
3) Foirm Iarratais Chomhlíonta
Tabhair faoi deara le do thoil, mura bhfuil na doiciméid ar fad uaslódáilte, glacfar leis gur iarratas neamhchríochnaithe é agus ní chuirfear san áireamh é.
Fostóir comhdheiseanna is ea Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.
I gcomhréir le hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta 1998–2015, tá an Ollscoil tiomanta do chaitheamh go cothrom leo siúd uile a bheidh ag plé lena nósanna imeachta earcaíochta, roghnúcháin agus ceapacháin.
Léiríonn Dámhachtain Chré-Umha Athena SWAN na hOllscoile a tiomantas i leith chur chun cinn an chomhionannais inscne agus réiteach bearnaí pá ar bhonn inscne. Tá eolas ar réimse polasaithe Ollscoile a bhfuil mar aidhm acu timpeallacht oibre thacúil sholúbtha a chothú ar fáil sna DCU Policy Starter Packs.