Teagascóir Sinsearach Gaeilge, Páras (80% de chonradh lánaimseartha), Ollscoil Mhá Nuad (Conradh sainchuspóra), Ollscoil Mha

Tá Ollscoil Mhá Nuad tiomanta do straitéis ina bhfuil spriocanna bunaidh sin na hOllscoile, barr feabhais sa taighde agus sa scoláireacht agus oideachas den chéad scoth, fite fuaite ina chéile agus an meas céanna orthu.
Tá Teagascóir Sinsearach Gaeilge (80% de chonradh lánaimseartha) á lorg ag Lárionad na Gaeilge, Ollscoil Mhá Nuad lenár gcuid cúrsaí Gaeilge a mhúineadh sa Centre Culturel Irlandais (CCI) i bPáras na Fraince. Beidh an té a cheapfar freagrach do Stiúrthóir Lárionad na Gaeilge: Taighde, Teagasc agus Tástáil.
Application Instructions
Dáta deiridh:
23:30 (am na hÉireann) Dé Luain, 11 Lúnasa
Ní mór iarratais a dhéanamh ar an bpost trínár dTairseach Earcaíochta ar Líne ag an nasc seo a leanas: https://www.maynoothuniversity.ie/human-resources/vacancies
Caithfear iarratais a chur isteach faoin dáta deiridh agus faoin am a shonraítear thuas. Cealóidh an córas go huathoibríoch iarratais atá fós idir lámha ag an am deiridh ar an dáta deiridh sonraithe.
Ní ghlacfar le hiarratais mhalla.
Is fostóir comhdheiseanna í Ollscoil Mhá Nuad
Tá an post seo faoi réir Reachtanna na hOllscoile