Ollamh Cúnta le Gaeilge (An Nua-Ghaeilge Mhoch go dtí an t-am i láthair)

Fáilteofar roimh iarratais ar an bpost seo a leanas:
Teideal An Phoist: Ollamh Cúnta le Gaeilge (An Nua-Ghaeilge Mhoch go dtí an t-am i láthair)
Achoimre Poist
Na modúil Ghaeilge ar réimse leathan cúrsaí fochéime agus iarchéime a chomhordnú, a theagasc, agus a mheas; freagrachtaí agus dualgais ghinearálta i Léann na Gaeilge, go háirithe múineadh na teanga; taighde i Léann na Gaeilge a chur i gcrích agus a fhoilsiú; páirt a ghlacadh i gcultúr taighde Scoil na Gaeilge, an Bhéarla, agus na Cumarsáide, agus cur leis an gcultúr seo ar leibhéal na Scoile agus na Dáimhe.
Dámh na nDán, na nDaonnachtaí agus na nEolaíochtaí Sóisialta
Scoil na Gaeilge, an Bhéarla, agus na Cumarsáide
Cineál Conartha: Buan
Scála Tuarastail: €47,955 - €65,255 p.a.
Is institiúid bhríomhar, nuálaíoch a bhíonn faoi stiúir an taighde í Ollscoil Luimnigh. Tá cáil ar an institiúid as sármhaitheas san oideachas agus sa scoláireacht. Cuirtear luach ar chruthaitheacht, ar fhiosracht agus ar ardchaighdeán inár bpobal ionchuimsitheach atá tiomanta don leas coiteann. Léiríonn ár mana, Eagna chun Gnímh, ár dtiomantas chun eolas nua a aimsiú agus a chur i bhfeidhm ar mhaithe le saol níos fearr. Breathnaigh ar an suíomh idirlín chun tuilleadh eolais a fháil fúinn.
Is féidir fiosrúcháin neamhfhoirmiúla faoin bpost a dhéanamh leis
An Dr Yvonne Cleary
Scoil na Gaeilge, an Bhéarla, agus na Cumarsáide
Ollscoil Luimnigh
Ríomhphost: Yvonne.Cleary@ul.ie
Application Instructions
Is é an dáta deiridh d’iarratais a bheith faighte Déardaoin, 10 Iúil 2025.
Ní mór iarratas a chur isteach ar líne roimh 12.00 meán lae ar an spriocdháta.
Tacaíonn Ollscoil Luimnigh le hobair chumaisc.
Tabhair faoi deara gurb iad atá san áireamh san iarratas: Litir chumhdaigh agus CV reatha ag léiriú conas a chomhlíonann tú na critéir a leagadh amach sa chur síos poist. Foirm iarratais chomhlánaithe ar líne.
Bí i dteagmháil linn le do thoil ag seoladh ríomhphoist erecruitment@ul.ie má bhíonn aon deacrachtaí agat.
Cuirfear fáilte roimh iarratais ó iarrthóirí a bhfuil cáilíocht chuí acu.
Tá tuilleadh eolas do dhaoine a dhéanann iarratas agus ábhar iarratais ar fáil ar líne ó: University of Limerick Vacancies
Please click on the Apply button below for the full job description and application instructions.