Skip to main content

Main navigation

  • Candidate Information
  • Institutions
University Vacancies Logo
Institution
Maynooth University
Vacancy Category
Academic
Contract Type
Temporary
Vacancy closing date
16 Nov, 2025
Subject / Area
Education Studies (inc. TEFL)
Languages, Literature and Culture
Other
Apply

Léachtóir/ Ollamh Cúnta (Conradh sainchuspóra), Roinn na Nua-Ghaeilge, Ollscoil Mhá Nuad

Tá Ollscoil Mhá Nua tiomanta do straitéis ina ndéantar príomhspriocanna na hOllscoile maidir le taighde agus scoláireacht den scoth agus oideachas den scoth a idirnascadh agus ina léirítear an meas céanna ar an dá ghné. 

Tá scoláire á lorg againn a thiocfaidh isteach san fhoireann mar Léachtóir/ Ollamh Cúnta sa Nua-Ghaeilge. Fáilteofar roimh iarratais ó dhaoine a bhfuil saineolas acu ar an mBéaloideas agus ar na hEalaíona Dúchais agus a bhfuil taithí acu ar theagasc na Gaeilge scríofa. Beidh ag an té a cheapfar Gaeilge labhartha agus scríofa den scoth agus taifead cruthaithe de theagasc, taighde agus foilsiú, a bheidh ag teacht le céim forbartha na gairme. Beifear ag súil go gcuideoidh siad go mór le clár teagaisc na Roinne agus go rachaidh siad i mbun dualgas teagaisc ar chlár fochéime agus iarchéime na Roinne.

Beifear ag súil le go bhforbróidh an té a cheapfar próifíl láidir taighde, ina dtacófar le straitéis na hOllscoile lena n-áirítear cleamhnú le hinstitiúidí taighde, nuair is cuí, agus dul i mbun oibre le comhghleacaithe ar thaighde náisiúnta agus idirnáisiúnta. Beifear ag súil le go rachaidh an té a cheapfar i mbun taighde, go mbeidh an duine sin ag gabháil do scoláireacht shubstaintiúil ar ardchaighdeán agus go mbeidh siad in ann foilseacháin ar chaighdeán idirnáisiúnta a ghiniúint. 

Application Instructions

Dáta deiridh:

23:30 (am na hÉireann)  Domhnach 16 Samhain 2025.

 

Ní mór iarratais a dhéanamh ar an bpost trínár dTairseach Earcaíochta ar Líne ag an nasc seo a leanas: https://www.maynoothuniversity.ie/human-resources/vacancies 

 

Caithfear iarratais a chur isteach faoin dáta deiridh agus faoin am a shonraítear thuas. Cealóidh an córas go huathoibríoch iarratais atá fós idir lámha ag an am deiridh ar an dáta deiridh sonraithe.

 

Ní ghlacfar le hiarratais mhalla.

 

Is fostóir comhdheiseanna é Ollscoil Mhá Nuad

Tá an post seo faoi réir Reachtanna na hOllscoile

Document
038383 Job Spec (NuaGh).pdf239.72 KB
Apply
Gaeilge

  • Contact Us
  • Privacy & Cookie Policy
  • Accessibility Statement
  • Terms of use

Copyright © University Vacancies Ireland 2013-2024