Student Adviser, UCD,Temp 36 Months and 6 months Temp Panel
Applications are invited for a temporary post of a Student Adviser within UCD Student Advisers.Student Advisers are an integral part of the UCD academic student support structure and are based within academic programmes and specific units (e.g. Postgraduate Research, Mature). They are responsible for the provision of advice, guidance and support to individual students. Having broad institutional knowledge, they also facilitate students to navigate UCD policies, procedures, services and other structures and provide students experiencing various challenges the time and space to articulate, explore and address their concerns. From routine queries to more serious matters, student advisers actively assist students in reaching informed decisions relating to their academic goals and individual needs. Student advisers work closely with academic, administrative and other support staff to respond to, refer and co-manage more challenging and complex student issues. They advocate on behalf of students when required and represent the student perspective on university committees and working groups. The person appointed will work closely within a designated academic programme(s) or specific unit and will be a member of the Student Advisory Team.95 Admin Officer Ii\2010 (0173\X) €51,999 - €66,464 Per Annum.Appointment will be made on scale and in accordance with the Department of Finance guidelines Closing date: 12:00 noon (local Irish time) on 13/04/2026.Applications must be submitted by the closing date and time specified. Any applications which are still in progress at the closing time of 12:00 noon (Local Irish Time) on the specified closing date will be cancelled automatically by the system. UCD are unable to accept late applications.UCD do not require assistance from Recruitment Agencies. Any CV's submitted by Recruitment Agencies will be returned.
Prior to application, further information (including application procedure) should be obtained from the Work at UCD website: https://www.ucd.ie/workatucd/jobs/
Tugtar cuireadh d'iarratais ar post cuspóir sonraithe Comhairleoir na Mac Léinn. Tá Comhairleoirí na Mac Léinn mar chuid lárnach den struchtúr tacaíochta acadúil UCD do mhic léinn agus tá siad bunaithe laistigh de chláir acadúla agus d'aonaid áirithe (e.g. Taighde Iarchéime, Mic Léinn Lánfhásta). Tá siad freagrach as comhairle, treoir agus tacaíochta a sholáthar do mhic léinn ar bhonn aonair. Agus eolas fairsing institiúideach acu, cabhraíonn siad le mic léinn agus iad ag déileáil le beartais, nósanna imeachta, seirbhísí agus struchtúir eile UCD, agus cuireann siad ar fáil an t-am agus an spás do mhic léinn a thugann aghaidh ar dhúshláin éagsúla chun a n-údair imní a chur i bhfriotal, agus chun dul i mbun plé agus i ngleic leo. Idir ghnáthcheisteanna agus ábhair níos tromchúisí, cabhraíonn comhairleoirí na mac léinn go gníomhach le mic léinn teacht go feasach ar chinntí maidir lena gcuid spriocanna acadúla agus riachtanais aonair. Oibríonn comhairleoirí na mac léinn i ndlúthchomhar leis an bhfoireann acadúil, leis an bhfoireann riaracháin agus le foirne tacaíochta eile chun na deacrachtaí atá níos casta agus níos dúshlánaí a dtugann mic léinn aghaidh orthu a aithint, a fhreagairt, agus a chomhbhainistiú. Gníomhaíonn siad thar ceann mac léinn nuair is gá agus cuireann siad meon na mac léinn in iúl ar choistí ollscoile agus i ngrúpaí oibre. Oibreoidh an té a cheapfar go dlúth laistigh de chlár acadúil/chláir acadúla ar leith nó laistigh d'aonad áirithe agus beidh siad ina mball d'Fhoireann Chomhairleach na Mac Léinn. 95 Admin Officer Ii\2010 (0173\X) €51,999 - €66,464 Per Annum.Déanfar an ceapachán ar scála agus de réir threoirlínte na Roinne Airgeadais Dáta dúnta: 12:00 uair (am áitiúil na hÉireann) ar 13/04/2026.Ní mór iarratas a bheith istigh faoin am agus dáta atá sonraithe. Déanfar aon iarratas atá fós ar siúl ag an am dúnta 12:00 uair (Am Áitiúil na hÉireann) ar an dáta dúnta sonraithe a scriosadh go huathoibríoch ag an gcóras. Ní féidir le UCD glacadh le hiarratais dhéanacha.Níl cúnamh ag teastáil ó UCD ó Ghníomhaireachtaí Earcaíochta. Seolfar ar ais aon CV a chuir na Gníomhaireachtaí Earcaíochta isteach.
Sula gcuireann tú d'iarratas isteach, ba cheart duit tuilleadh eolais a fháil ó shuíomh Gréasáin Work at UCD (go háirithe an próiseas iarratais : https://www.ucd.ie/workatucd/jobs/