Scríbhneoir cónaithe, Ollscoil Mhá Nuad
Iarrann Ollscoil Mhá Nuad agus Seirbhísí Leabharlainne agus Ealaíon Chomhairle Contae Chill Dara iarratais le haghaidh Scríbhneoir Cónaithe Gaeilge don bhliain acadúil 2026–27.
Beidh fáilte roimh iarratais ó scríbhneoirí a bhfuil réimse saothar ar ardchaighdeán foilsithe acu agus a bheadh inchurtha leis an ról seo atá cómhaoinithe ag Ollscoil Mhá Nuad agus Seirbhísí Leabharlainne agus Ealaíon Chomhairle Contae Chill Dara. Mairfidh an tréimhse chónaitheachta ó Mheán Fómhair 2026 go dtí Lúnasa 2027, agus táthar ag súil go mbeidh dualgais suas le 6 uair an chloig, ar an meán, in aghaidh na seachtaine am teagmhála le mic léinn agus leis an bpobal i gcoitinne. Dearadh an ról chun deis a thabhairt do mhic léinn agus don phobal i gcoitinne bheith ag plé le scríbhneoirí aitheanta, chomh maith le ham a thabhairt do na scríbhneoirí a dtionscadail reatha féin a chur chun cinn. Oirfidh an post do scríbhneoirí a bhíonn ag plé leis an bhfilíocht, an drámaíocht, nó leis an bprós cruthaitheach.
Application Instructions
Dáta deiridh: 23:30hrs (am na hÉireann) Dé Domhnaigh, 7 Meitheamh 2026.
Ní mór iarratais a dhéanamh ar an bpost trínár dTairseach Earcaíochta ar Líne ag an nasc seo a leanas: https://www.maynoothuniversity.ie/humanresources/vacancies
Caithfear iarratais a chur isteach faoin dáta deiridh agus faoin am a shonraítear thuas. Cuirfear an córas ar ceal go huathoibríoch iarratais atá fós idir lámha ag am druite an fhógra ar an sprioclá.
Ní ghlacfar le hiarratais mhalla.
Is fostóir comhdheiseanna é Ollscoil Mhá Nuad
Tá an post seo faoi réir Reachtanna na hOllscoile