Skip to main content

Main navigation

  • Candidate Information
  • Institutions
University Vacancies Logo
Institution
University of Limerick
Vacancy Category
Academic
Support
Salary From
€38 890
Contract Type
Temporary
Vacancy closing date
5 Jun, 2026
Reference
083129
Subject / Area
Languages, Literature and Culture
Other
Apply

Cúntóir Teagaisc le Gaeilge (Teaching Assistant in Irish)

Fáilteofar roimh iarratais ar an bpost seo a leanas:

Teideal an Phoist: Cúntóir Teagaisc le Gaeilge (Teaching Assistant in Irish)

 

Achoimre Poist

Glacfaidh an duine a cheapfar páirt ghníomhach i dteagasc, i measúnú agus i riaradh na modúl Gaeilge ag leibhéil na fochéime agus na hiarchéime/The successful candidate will contribute to teaching at undergraduate and postgraduate levels. They will teach modules, grade, and participate in oral examining.

 

Dámh na nDán, na nDaonnachtaí agus na nEolaíochtaí Sóisialta

Scoil na Gaeilge, an Bhéarla, agus na Cumarsáide

Cineál Conartha: Téarma seasta 10 mí

Scála Tuarastail : €38,890 p.a. pro rata

 

Ba cheart a dheimhniú go bhfuil cead agat a bheith ag obair in Éirinn. Ní féidir glacadh le hiarratais ó dhaoine nach bhfuil cead acu a bheith ag obair in Éirinn.

 

Is institiúid bhríomhar, nuálaíoch a bhíonn faoi stiúir an taighde í Ollscoil Luimnigh. Tá cáil ar an institiúid as sármhaitheas san oideachas agus sa scoláireacht. Cuirtear luach ar chruthaitheacht, fiosracht agus ardchaighdeán inár bpobal cuimsitheach atá tiomanta don leas coiteann. Léiríonn ár mana, Eagna chun Gnímh, ár dtiomantas chun eolas nua a aimsiú agus a chur i bhfeidhm ar mhaithe le domhain níos fearr.

 

Is féidir fiosrúcháin neamhfhoirmiúla faoin bpost a dhéanamh leis


An Dr Yvonne Cleary

Ceann

Scoil na Gaeilge, an Bhéarla, agus na Cumarsáide

Ollscoil Luimnigh
Ríomhphost: yvonne.cleary@ul.ie

 

Application Instructions

"Feidhmíonn post mar Chúntóir Teagaisc in Ollscoil Luimnigh mar chonradh oiliúna. Tá fad an chonartha teoranta do 10 mí. Mar sin féin, ní fhéadfar é a athnuachan ach go ceann tréimhse amháin eile nach faide ná 10 mí. Ní bhreithneofar iarratais ach ó dhaoine aonair nach bhfuil dhá chonradh Cúntóra Teagaisc faighte acu cheana féin."

 

Is é an dáta deiridh d’iarratais a bheith faighte Dé hAoine 5 Meitheamh 2026.

Ní mór iarratas a chur isteach ar líne tráth nach deireanaí ná 12.00 meán lae (Am Caighdeánach Éir.) ar an spriocdháta. 

 

Ba cheart a dheimhniú go bhfuil cead agat a bheith ag obair in Éirinn. Ní féidir glacadh le hiarratais ó dhaoine nach bhfuil cead acu a bheith ag obair in Éirinn.

 

Ní mór an méid seo a leanas a bheith le d'iarratas: 

Litir chur in aithne agus CV reatha a dhéanann cur síos ar conas a chomhlíonann tú na critéir sa chur síos poist.

Foirm iarratais chomhlánaithe ar líne.

 

Seol ríomhphost chuig erecruitment@ul.ie má bhíonn aon deacracht agat.

Fáilteofar roimh iarratais ó iarratasóirí atá cáilithe go cuí. 

 

Tá tuilleadh eolais d’iarratasóirí agus an t-ábhar iarratais ar fáil ag an nasc: Folúntais Ollscoil Luimnigh 

Go raibh maith agat as do spéis sa ról seo.

 

Apply
Gaeilge

  • Contact Us
  • Privacy & Cookie Policy
  • Accessibility Statement
  • Terms of use

Copyright © University Vacancies Ireland 2013-2024