Library Facilities Assistant, UCD Library, Perm or Temp

Applications are invited for a permanent or temporary full-time or part-time post of a Library Facilities Assistant within UCD Library.
The UCD Library Facilities team play a key role in maintaining the safety and security of library users and staff, in library operations including the monitoring of the buildings themselves. UCD Library Facilities staff must have excellent customer service skills and be professional and user focussed on their dealings with library patrons. As they are often the first people library users meet, they help to ensure a positive experience.
The Facilities team provide a security presence and are actively involved in maintaining a safe environment in all library buildings. They also act as first-line support for Library users in the event of an emergency. They play a key role in library services delivery, providing administrative and operational support, and helping to ensure UCD Library offers excellent services and facilities to all users. When required, this team also answers admissions/access queries and provide information on lending policies and library services. A flexible attitude to work is crucial. Part of the work of a facilities assistant is to proactively monitor library buildings and spaces, and report maintenance or other problems.
95 Services Steward_2013 (7931) Salary Scale: €36,241 - €45,421 Per Annum (or Per Annum Pro-Rata for part-time roles)
Appointment will be made on scale and in accordance with the Department of Finance guidelines
Closing date: 12:00 noon (local Irish time) on the 26th of September 2025.
Applications must be submitted by the closing date and time specified. Any applications which are still in progress at the closing time of 12:00 noon (Local Irish Time) on the specified closing date will be cancelled automatically by the system. UCD are unable to accept late applications.
UCD do not require assistance from Recruitment Agencies. Any CVs submitted by Recruitment Agencies will be returned.
Prior to application, further information (including application procedure) should be obtained from the Work at UCD website: https://www.ucd.ie/workatucd/jobs/
Tugtar cuireadh d'iarratais ar post sealadach nó buan lánaimseartha nó pháirtaimseartha Cúntóir Áiseanna Leabharlainne laistigh de Leabharlann UCD.
Tá ról lárnach ag foireann Áiseanna Leabharlainne UCD i dtaca le sábháilteacht agus slándáil úsáideoirí agus fhoireann na leabharlainne a chaomhnú, in oibríochtaí leabharlainne lena n-áirítear faireachán a dhéanamh ar na foirgnimh féin. Caithfidh scileanna seirbhíse custaiméara den scoth a bheith ag foireann Áiseanna Leabharlainne UCD, agus is gá dóibh a bheith gairmiúil agus dírithe ar an úsáideoir agus iad ag plé le pátrúin na leabharlainne. Cabhraíonn siad le heispéireas dearfach a chinntiú, ós rud é gur minic gurb iad na chéad daoine a mbuaileann úsáideoirí leabharlainne leo.
Cuireann an fhoireann Áiseanna láithreacht slándála i bhfeidhm agus bíonn baint ghníomhach acu le timpeallacht shábháilte a chaomhnú sna foirgnimh leabharlainne uile. Bíonn siad ag feidhmiú freisin mar thacaíocht líne thosaigh d'úsáideoirí na Leabharlainne i gcás éigeandála. Tá príomhról acu maidir le seirbhísí leabharlainne a sholáthar, tacaíocht riaracháin agus oibriúcháin a thabhairt, agus a bheith ag cabhrú lena chinntiú go gcuireann Leabharlann UCD seirbhísí agus áiseanna den scoth ar fáil do na húsáideoirí uile. Nuair is gá, tugann an fhoireann seo freagraí ar cheisteanna maidir le hiontráil/rochtain agus cuireann siad faisnéis ar fáil maidir le beartais iasachtaithe agus seirbhísí leabharlainne. Tá dearcadh solúbtha i leith na hoibre ríthábhachtach. Tá faireachán réamhghníomhach ar fhoirgnimh agus spásanna leabharlainne le déanamh mar chuid d'obair an chúntóra áiseanna, chomh maith le fadhbanna cothabhála nó fadhbanna eile a thuairisciú.
Maor Seirbhísí 95 Scála Tuarastail 2013 (7931): €36,241 - €45,421 in aghaidh na bliana (nó pro-rata in aghaidh na bliana le haghaidh ceapacháin pháirtaimseartha)
Déanfar an ceapachán ar scála agus de réir threoirlínte na Roinne Airgeadais
Dáta dúnta: 12:00 uair (am áitiúil na hÉireann) ar 26 Mí Meán Fomhair 2025.
Ní mór iarratas a bheith istigh faoin am agus dáta atá sonraithe. Déanfar aon iarratas atá fós ar siúl ag an am dúnta 12:00 uair (Am Áitiúil na hÉireann) ar an dáta dúnta sonraithe a scriosadh go huathoibríoch ag an gcóras. Ní féidir le UCD glacadh le hiarratais dhéanacha.
Níl cúnamh ag teastáil ó UCD ó Ghníomhaireachtaí Earcaíochta. Seolfar ar ais aon CV a chuir na Gníomhaireachtaí Earcaíochta isteach.
Sula gcuireann tú d'iarratas isteach, ba cheart duit tuilleadh eolais a fháil ó shuíomh Gréasáin Work at UCD (go háirithe an próiseas iarratais : https://www.ucd.ie/workatucd/jobs/
Application Instructions
018942 - Library Facilities Assistant, UCD Library, Full-time or Part-time Permanent & Temporary, Plus 9-month Panel