Ollamh Cúnta san Oideolaíocht Teanga le Saineolas sa Ghaeilge

Fáilteofar roimh iarratais ar an bpost seo a leanas:
Teideal an Phoist: Ollamh Cúnta san Oideolaíocht Teanga le Saineolas sa Ghaeilge
Achoimre Poist
Na modúil oideolaíochta teanga ar an gcéim Bhaitsiléara san Oideachas i dTeangacha (trí Bhéarla agus Gaeilge) agus ag an leibhéal iarchéime (trí Bhéarla agus Gaeilge) a chomhordú, a theagasc agus a mheas; freagrachtaí agus dualgais ghinearálta i réimse an oideachais, agus go háirithe socrúchán scoile; taighde a stiúradh; ceannaireacht a thabhairt maidir le forbairt ábhar & acmhainní; taighde ag an leibhéal fochéime agus iarchéime a stiúradh; riarachán acadúil, agus cur leis an gcultúr taighde agus le foilseacháin acadúla Scoil an Oideachais agus Scoil na Gaeilge, an Bhéarla, agus na Cumarsáide.
Dámh na nDán, na nDaonnachtaí agus na nEolaíochtaí Sóisialta
Scoil na Gaeilge, an Bhéarla, agus na Cumarsáide/Scoil an Oideachais
Cineál Conartha: Buan
Scála Tuarastail: €47,955 - €65,255 p.a.
Is institiúid bhríomhar, nuálaíoch a bhíonn faoi stiúir an taighde í Ollscoil Luimnigh. Tá cáil ar an institiúid as sármhaitheas san oideachas agus sa scoláireacht. Cuirtear luach ar chruthaitheacht, fiosracht agus ardchaighdeán inár bpobal cuimsitheach atá tiomanta don leas coiteann. Léiríonn ár mana, Eagna chun Gnímh, ár dtiomantas chun eolas nua a aimsiú agus a chur i bhfeidhm ar mhaithe le domhain níos fearr.
Is féidir fiosrúcháin neamhfhoirmiúla faoin bpost a dhéanamh leis
An Dr Yvonne Cleary
Scoil na Gaeilge, an Bhéarla, agus na Cumarsáide
Ollscoil Luimnigh
Ríomhphost: Yvonne.Cleary@ul.ie
Application Instructions
Is é an dáta deiridh d’iarratais a bheith faighte ná Déardaoin, 10 Iúil 2025.
Ní mór iarratas a chur isteach ar líne tráth nach deireanaí ná 12.00 meán lae (Am Caighdeánach Éir.) ar an spriocdháta.
Tacaíonn Ollscoil Luimnigh le hobair chumaisc.
Tá an post seo faoi réir Ghrinnfhiosrúcháin an Gharda Síochána agus Imréiteach Póilíní Iasachta. Sa chás gur chónaigh tú lasmuigh d’Éirinn ar feadh tréimhse charnach 36 mí nó níos mó ó bhí tú 18 mbliana d’aois, ní mór duit Deimhniú Imréitigh Póilíní Iasachta (FPC) ón tír nó na tíortha ina raibh tú i do chónaí a chur ar fáil. Tabhair faoi deara: is é an t-iarratasóir a íocfaidh as aon chostas sa phróiseas seo.
Ní mór an méid seo a leanas a bheith le d'iarratas:
Litir chur in aithne agus CV reatha a dhéanann cur síos ar conas a chomhlíonann tú na critéir sa chur síos poist.
Foirm iarratais chomhlánaithe ar líne.
Seol ríomhphost chuig erecruitment@ul.ie má bhíonn aon deacracht agat.
Fáilteofar roimh iarratais ó iarratasóirí atá cáilithe go cuí.
Tá tuilleadh eolais d’iarratasóirí agus an t-ábhar iarratais ar fáil ag an nasc: Folúntais Ollscoil Luimnigh
Please click on the Apply button below for the full job description and application instructions.