Bainisteoir Tionscadail - Snas.ie (Conradh Sealadach go dtí 31.08.2028, 0.8 FTE)Lárionad na Gaeilge, Scoil an Léinn Cheiltigh, Ollscoil Mhá Nuad

Tá Ollscoil Mhá Nuad tiomanta do straitéis ina bhfuil spriocanna bunaidh sin na hOllscoile, barr feabhais sa taighde agus sa scoláireacht agus oideachas den chéad scoth, fite fuaite ina chéile agus an meas céanna orthu.
Tá duine cumasach á lorg ag an Ollscoil le bainistiú a dhéanamh ar an tionscadal www.snas.ie agus le forbairt a dhéanamh ar na hacmhainní teagaisc agus foghlama atá ar fáil ann. Beidh an té a cheapfar freagrach do Stiúrthóir Lárionad na Gaeilge: Taighde, Teagasc agus Tástáil.
Application Instructions
Dáta deiridh:
23:30 (am na hÉireann) Dé Domhnaigh, 12 Deireadh Fómhair 2025.
Ní mór iarratais a dhéanamh ar an bpost trínár dTairseach Earcaíochta ar Líne ag an nasc seo a leanas: https://www.maynoothuniversity.ie/human-resources/vacancies
Caithfear iarratais a chur isteach faoin dáta deiridh agus faoin am a shonraítear thuas. Cealóidh an córas go huathoibríoch iarratais atá fós idir lámha ag an am deiridh ar an dáta deiridh sonraithe.
Ní ghlacfar le hiarratais mhalla.
Is fostóir comhdheiseanna í Ollscoil Mhá Nuad
Tá an post seo faoi réir Reachtanna na hOllscoile