Skip to main content

Main navigation

  • Candidate Information
  • Institutions
University Vacancies Logo
Institution
University of Galway
Vacancy Category
Professional / Managerial / Administrative
Salary From
€42 350
Salary To
€58 813
Contract Type
Permanent
Vacancy closing date
14 Aug, 2025
Reference
011261
Subject / Area
Administration
Apply

Cúntóir Riaracháin, Oifig an Stiúrthóra, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Grád 3, 1 FTE, Perm 011261

Fáilteofar roimh iarratais don cheapachán mar Cuntóir Riaracháin, Grád 3, 1 FTE, in Oifig an Cheannasaí/Stiúrthóra, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, in Ollscoil na Gaillimhe.   

Tá eolas faoi Phlean Straitéiseach na hOllscoile le fáil ag:  Strategy | Straitéis 2020-2025 - Ollscoil na Gaillimhe

Le haghaidh fiosrúcháin neamhfhoirmiúla, déan teagmháil le Treasa Uí Lorcáin, treasa.uilorcain@ollscoilnagaillimhe.ie  

Tuarastal: €42,350  go €58,813 (infheidhme maidir le hiontrálaithe nua le héifeacht ó Eanáir 2011) agus de réir théarmaí agus choinníollacha Pholasaí Luacha Saothair na hOllscoile..

(Déanfar an ceapachán seo ar scála Ghrád 3 faoi réir pholasaí reatha pá an Rialtais.

Ní mór iarratais a bheith faighte faoi 17:00 (Am na hÉireann) an Déardaoin, an 14ú Lúnasa 2025. Ní fhéadfar iarratais a gheofar tar éis an spriocdháta a bhreithniú.

D’fhéadfadh grinnfhiosrúchán an Gharda Síochána a bheith le déanamh.

Beidh ceapacháin ag brath ar chead oibre a bheith bailí. Tá tuilleadh sonraí le fáil ar www.dbei.ie

Chun tuilleadh eolais agus Foirm Iarratais a fháil féach Folúntais - Ollscoil na Gaillimhe. Ba cheart iarratais a dhéanamh ar líne. Tá tuilleadh eolais faoi iarratas a dhéanamh le fáil anseo: Ríomh-Earcaíocht - Ollscoil na Gaillimhe agus Treoirlínte d’Iarratais Ar Líne (ollscoilnagaillimhe.ie)

Tabhair faoi deara go mbeidh ceapacháin do phoist atá fógartha ag brath ar fhaomhadh ón Ollscoil, agus ar théarmaí an Chreata Rialaithe Fostaíochta don earnáil ardoideachais.

Is fostóir comhionannais deiseanna í Ollscoil na Gaillimhe.

Application Instructions

Más fostaí reatha de chuid Ollscoil na Gaillimhe thú, úsáid tairseach Core Portal Ollscoil na Gaillimhe chun iarratas a dhéanamh ar an bpost seo. Seo nasc chuig an tairseach Core Portal: http://ess.universityofgalway.ie. Is féidir treoracha úsáideora don tairseach Core Portal a fháil ag https://www.universityofgalway.ie/human-resources/employeeselfservice/.  Bí cinnte go léann tú an treoir faoi iamh sula ndéanann tú iarratas ar an bpost seo agus tabhair dóthain ama duit féin chun d’iarratas a dhéanamh ar líne roimh an spriocdháta.  Ní féidir síneadh a chur leis an spriocdháta ná leis an am má dhéanann duine botún.

Ar an drochuair, ní ghlacfar le hiarratais dhéanacha.

Is féidir le comhaltaí foirne gníomhaireachta a bhfuil trí mhí de sheirbhís leanúnach acu leis an Ollscoil iarratas a dhéanamh ar fholúntais inmheánacha.  Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar thairseach CORE Portal anseo Treoir Úsáideora Core Portal - Ollscoil na Gaillimhe. 

 Baineann srianta ceada fostaíochta leis an gcatagóir poist seo.

Ní mór an cháipéis iarratais agus í líonta a chur isteach ar líne agus caithfidh sí a bheith faighte ag an Oifig Acmhainní Daonna tráth nach déanaí ná Déardaoin, an 14ú Lúnasa 2025.

Document
011261 Acadamh Cúntóir Riaracháin, Oifig an Stiúrthóra.pdf327.38 KB
Apply
Gaeilge

  • Contact Us
  • Privacy & Cookie Policy
  • Accessibility Statement
  • Terms of use

Copyright © University Vacancies Ireland 2013-2024