Léachtóir le Gaeilge (An Léann Ceilteach), Lánaimseartha, Buan, 1 FTE, Conradh B, Coláiste na nDán, na nEolaíochtaí Sóisialta agus an Léinn Cheiltigh, Ollscoil na Gaillimhe 010983

Fáilteofar roimh iarratais do cheapachán mar Léachtóir le Gaeilge (An Léann Ceilteach), lánaimseartha agus buan, 1 FTE in Ollscoil na Gaillimhe, ag tosú 1 Lúnasa 2025 nó chomh luath agus is féidir ina dhiaidh sin. Beidh an duine a cheapfar ina chomhalta de Scoil na dTeangacha, na Litríochtaí agus na gCultúr.
Roinn bhisiúil í Roinn na Gaeilge atá tiomanta don sármhaitheas sa teagasc agus sa taighde i réimsí éagsúla de Léann na Gaeilge ó luath-thréimhse go dtí an ré chomhaimseartha. Tá scoláire cumasach, fuinniúil le saineolas sa Léann Ceilteach agus/nó i Léann na Gaeilge á lorg. Cuirfidh an té a cheapfar le cláir theagaisc agus thaighde na Roinne, idir chláir Ghaeilge agus chláir idirdhisciplíneacha i gcomhpháirt le comhghleacaithe san Ollscoil. Tacóidh teagasc agus taighde an té a cheapfar le cáil na hOllscoile go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta agus le cur i bhfeidhm straitéis Roinn na Gaeilge mar a bhfuil béim ar na mórthéamaí seo a leanas: an chruthaitheacht; an inbhuanaitheacht; an chomhpháirtíocht. Chuige sin:
• Beidh dochtúireacht sa Ghaeilge, nó sa tSean-Ghaeilge, nó sa Léann Ceilteach, nó i réimse comhionann ag an té a cheapfar.
• Beidh an té a cheapfar in ann gnéithe den Léann Ceilteach a theagasc i réimsí taobh amuigh dá speisialtóireachtaí féin.
• Beidh ar chumas an té a cheapfar teanga agus/nó litríocht na Sean-Ghaeilge a theagasc ag leibhéal fochéime agus iarchéime.
• Beidh an té a cheapfar in ann mic léinn iarchéime a stiúradh sa Ghaeilge nó sa Léann Ceilteach, cláir nua theagaisc agus tograí nua taighde a fhorbairt, agus gnáthobair riaracháin a bhaineann leis an ábhar agus le Roinn na Gaeilge a chomhlíonadh.
• Beidh an duine a cheapfar in ann dualgais uile an phoist a chomhlíonadh i nGaeilge agus i mBéarla.
• Beidh an duine inniúil i nGaeilge scríofa agus labhartha ag leibhéal C2 ar Chomhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha (CEFR), maraon le tiomantas don Ghaeilge.
• Beidh ar iarrthóirí measúnú Gaeilge a dhéanamh agus tá sé beartaithe go mbeidh siad ar siúl ar an 22 Bealtaine.
Tá eolas faoi Phlean Straitéiseach na hOllscoile le fáil ag: Strategy | Straitéis 2020-2025 - Ollscoil na Gaillimhe
Chun an folúntas a phlé go neamhfhoirmiúil, déan teagmháil leis an Ollamh Rióna Ní Fhrighil, Ceann Roinn na Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe. Ríomhphost riona.nifhrighil@ollscoilnagaillimhe.ie +353 (0)91 492585
Is iad na huaireanta oibre lánaimseartha do bhaill foirne acadúla ná 39 uair sa tseachtain.
Tuarastal:
€ 63,624 to 101,498 (infheidhme maidir le hiontrálaithe nua le héifeacht ó Eanáir 2011) agus de réir théarmaí agus choinníollacha Pholasaí Luacha Saothair na hOllscoile. https://www.universityofgalway.ie/media/financialaccounting/financialac… 321-Remuneration-and-Payroll.pdf (Déanfar an ceapachán seo ar an scála Léachtóir faoi réir pholasaí reatha pá an Rialtais
Ní mór iarratais a bheith faighte faoi 17:00 (Am na hÉireann) an 9 Bealtaine 2025. Ní fhéadfar iarratais a gheofar tar éis an spriocdháta a bhreithniú.
D’fhéadfadh grinnfhiosrúchán an Gharda Síochána a bheith le déanamh.
Beidh ceapacháin ag brath ar údarú oibre a bheith bailí.
Tá tuilleadh sonraí le fáil ar www.dbei.ie
Chun tuilleadh eolais agus Foirm Iarratais a fháil, féach ar an láithreán gréasáin: Poist - Ollscoil na Gaillimhe. Ba cheart iarratais a dhéanamh ar líne.
Tabhair faoi deara go mbraithfidh ceapachán i bpoist atá fógartha ar fhaomhadh ón Ollscoil, agus ar théarmaí an Chreata um Rialú Fostaíochta don earnáil ardoideachais.
Is fostóir comhionannais deiseanna í Ollscoil na Gaillimhe.
Application Instructions
Chun tuilleadh eolais agus Foirm Iarratais a fháil, féach ar an láithreán gréasáin: Poist - Ollscoil na Gaillimhe. Ba cheart iarratais a dhéanamh ar líne.
Tabhair faoi deara go mbraithfidh ceapachán i bpoist atá fógartha ar fhaomhadh ón Ollscoil, agus ar théarmaí an Chreata um Rialú Fostaíochta don earnáil ardoideachais.
Is fostóir comhionannais deiseanna í Ollscoil na Gaillimhe.